Dervish Peigin mo chroi

A Pheigín mo charad 's a Pheigín mo chroí Peigín,
((my friend, and Peigín, my heart))
Cé hé an fear fada údan sínte leat síos?
((Who is that tall man stretched alongside you?))


Curfá:
((Chorus::))
Ó hó ó hi hó ha
((O ho o hi ho ha))
Ó hi hó, a Pheigín mo chroí
((O hi ho, oh Peigín, my heart))

A Pheadair mo charad 's a Pheadair mo chroí
((Peadar, my friend, and Peadar, my heart))
Sin é do mhaicín nach bhfaca tú riamh
((That is your baby whom you never saw))

(Curfá)
(Chorus)

Shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar
((I walked east and I walked west))
Ach féasóg ar leanbh ní fhaca mé riamh
((But a beard on a baby I have never before seen))

(Curfá) (Chorus)

A Pheadair mo charad 's a Pheadair mo chroí
((Peadar, my friend, and Peadar, my heart))
Éirigh i do sheasamh 'gus réitigh greim bídh
((Rise up now and prepare some food))
Ó hó a Pheadair mo chroí
((Oh ho Peadar, my heart))
A Pheigín mo charad 's a Pheigín mo chroí
((Peigín, my friend, and Peigín, my heart))
Níl ins an teach agam greim mine buí
((I have not a grain of yellow meal in the house))

(Curfá)
(Chorus)

A Pheadair mo charad 's a Pheadair mo chroí
((Peadar, my friend, and Peadar, my heart))
In íochtar mo mhála tá cáca mine buí
((In the bottom of my bag there is a yellow meal cake))
Ó hó a Pheadair mo chroí
((Oh ho Peadar, my heart))
A Pheigín mo charad 's a Pheigín mo chroí
((Peigín, my friend, and Peigín, my heart))
Tá an cáca seo a'at lán de ghineachaí buí
((This cake you have is full of golden guineas ))

(Curfá)
(Chorus)

A Pheadair mo charad, suífidh muid síos
((Peadar, my friend, we will sit down))
Ní fhágfad an baile chúns mhairfeas mé arís
((I'll never leave home again for as long as I live))
Ó hó a Pheadair mo chroí
((Oh ho Peadar, my heart))
A Pheigín mo charad 's a Pheigín mo chroí
((Peigín, my friend, and Peigín, my heart))
Cé hé an fear fada údan sínte leat síos?
((Who is that tall man stretched alongside you?))

Ó hó ó hi hó ha
((O ho o hi ho ha))
Ó hi hó, a Pheigín
((O hi ho, oh Peigín))
Ó hó ó hi hó ha
((O ho o hi ho ha))
Ó hi hó, a Pheigín
((O hi ho, oh Peigín))
Ó hó ó hi hó ha
((O ho o hi ho ha))
Ó hi hó, a Pheadair mo chroí
((O hi ho, oh Peadar, my hear))